Sunday, December 6, 2009

Foréigean Fánach

Tá mé ag iarraidh an leabhar cáiliúil sin Caisleáin Óir a léamh faoi láthair. Ag iarraidh, a deirim, mar ní le canúint Thír Chonaill a tógadh mé más le canúint Ghaeilge ar bith. Tá seanchóip agam a bhíodh ag mo dheartháireacha agus iad á staidéar le haghaidh na hArdteiste blianta ó shin, rud nach ndearna mé fhéin os rud é gur athraigh mé ón scoil sin. I gcaitheamh na blianta, d'airigh mé uaim an folús sin sa réimse teanga a bhí agam. Bhí a fhios agam gur éan corr a bhí i gcanúint Ulaidh i gcodarsnacht leis na cinn eile ach is é éan corr an chora an t-éan is mó spéise i mo thuairimse ina bhfuil an fiántas, an maorgacht, an t-uaigneas agus an daonnacht go fiú le haireachtáil ann.

Pé scéal é, tháinig mé ar shliocht gearr as an leabhar seo le Seosamh Ó Grianna ina bhfuil léargas i leith an dearcaidh a bhíodh ag daoine bochta na hÉireanna ón gcaoi a chaitheann siad lena gcuid leanaí. Bhí laoch an scéil, Séimí Phadraig Dhuibh in ainm a bheith ag buachailleacht ach ina theannta sin, chuaigh sé ar dáta lena chailín chara Babaí Mháirtín. Tháinig máthair Shéimí orthu agus seo a leanas an cur síos air, inar is mó sa chaint ná aon cheo eile atá an foréigean:

"D'amharc Séimí thart agus goidé a tí sé ach a mháthair ag tarraingt air agus buachalán buí ina láimh léi agus í i ndiaidh an bhó a thiomáint as an churaíocht.

'Dar an leabhar agus dar an léann de bhuta leis' ar sise, 'gheobhaidh tusa rud nach dearn tú margadh air, ach mise na brístí a fháil anocht díot. A reanglamáin bhradaigh a bhfuil goic an ainspioraid ort le diabhlaíocht, fágfaidh mise fearbacha i do gheadán anocht más bean beo mé. Thóg an dúdhiabhal féin leis thú. A rá is de, san aois a bhfuil tú ann, go bhfuil tú ar shiúl amuigh fríd an lán mhara go bhfuil an churaíocht ina heasair chosáin ag an bhoin'.

Le sin tharraing sí leabhb den bhuachalán aniar fríd na meallta ar an ghasúr. Chuir sé síos a lámh a chosnamh na coise agus fuair sé an dara buille sna hailt. Chuir sé uaill chaointe as féin."