Tuesday, May 17, 2011

Lena Bheith ag Súil agus tú ag Súil

Is beag eispéireas a sháraíonn bheith ann agus do leanbh féin ag teacht ar an saol, deirtear. Deirim sin mar fhear a bhfuil an mórionchas siúd le héirí dó lá ar bith feasta, ar pribhléid í nár ceadaíodh d'fhear uair den tsaol. Tá athrú iomlán tagtha ar chúrsaí le glúin go leith anuas, arae. An chéad leanbh seo againne a bheas ann agus níl a fhios againn cad leis a bheith ag súil. Ar cuairt ar an ospidéal máithreachais le gairid, an tsocracht ba mhó a chuaigh i gcion orainn agus é i bhfad Éirinn níos lú cliniciúil seachas mar a bhíomar a thuar, gan trácht ar an doicheall a chuirtear roimh an muintir chéile! Mar a shíleadh a bhíothas, áfach, ó thaobh na teanga de: ba dhána an aghaidh ar an té é a d'éileodh focal as teanga ar bith seachas Béarla. An mharana inti féin a dhéanamh mo bhean chéile a dhreasú le "Brúigh!" seachas "Push!", líontar mo chroí le náire aisteach. Cén Ghaeilge atá ar "midwife" ar chuma ar bith? Tá ar a laghad trí rogha san fhoclóir: cnáimhseach, bean ghlúine agus bean chabhrach. Róchóngarach do "cnáimhseálaí" (grumbler) ar scála na sanasaíochta atá an chéad rogha: ní fheicfear mé á bhúiríl síos dorchla an bharda in am an ghátair. Agus cén chaoi caint a chur ar midwife? An den dream íogair na míochaine iad, ar deismireacht dá shórt é an comhairleoir, a bhfuil cruatan na med scoile curtha de acu agus a chaitear "Mister" nó "Ms" a ghlao orthu? De réir dhathchód a dhealaítear na héidí, insítear dúinn agus a liachtaí acu siúd go mbeadh siabhrán ort! An dá rogha eile, "bean ghlúine", "bean chabhrach". Ní mó ná cabhrach a bhíodh na fir sa mbarda luí seoil, is cosúil, san am a caitheadh.


Mo thrua nár bheartaíomar an luspairt linbh a bhreith sa mbaile! (tharlódh sin ar ais nó ar éigean agus Her Majesty ag cur bac leis an N4 na laethanta seo romhainn). Caolseans go n-aimseoimis cnáimhseach Gaeilgeora ar ghearr-fhógra! De réir ospidéal máithreachais áirithe, cé nach ndéanfadh Google translate an chúis? Bhuel, bainimis triail as mar sin: to go into labour: dul isteach i saothar .... go bhfóire na Bandéithe orainn! Meascán aisteach de theanga to be sure to be sure: ní mé an tríthi siúd a thógtar an t-aisteoir is fearr stage Irish?


Mar Ghaeilgeoir neamhdhúchais, is trí Ghaeilge atáimse ag iarraidh na chéad fhocail ar chluasa an linbh a bheith, na chéad fhuaimeanna, fuaimeanna trí Ghaeilge; crios chabhlach atáimse ag iarraidh a bheith timpeall air agus ní "swaddled", suantraithe atáimse ag iarraidh a rá léi seachas "lullabies"; bainfear den chíoch í seachas "weaned"; trí mheán na Gaeilge mar cheart folaíochta atáimse ag iarraidh mórfhoclóir ársa siúd an tuismidh agus an mháithreachais a thaiscéaladh.


Ní ceann amháin ach beirt de What to Expect when You're Expecting atá againne sa mbaile. Ceann amháin curtha againn ó ghaolta i mBoston trí amazon.com (téarmaí difriúla atá in úsáid acu thall, tá a fhios agat: labor, diapers srl.). Sheas mé an fód ar feadh cúpla mí: nach leor é an t-eolas ar an idirlíon agus airgead go leor á chaitheamh le hé a choinneáil íoctha? Ach oiread le Dublin Bus, tháinig beirt le chéile: ceann amháin ó mo mháthair mhaith, an dara ceann ó bhean mo dhearthár céile. Agus ansin, céard a tharla? D'eile ach chuaigh an bheirt ar iarraidh ar feadh mí eile. An chéad rud eile, ní foláir dúinn What to Expect in the First Year a cheannach. Gan na leabhra siúd a bheith ar fáil d'aosaigh freisin....samhlaigh: What to Expect in Your Thirty Sevententh Year.


Gura fada uaim aon chaint eile faoi phram/ bhugaí/ chliabhán! Parasól in Éirinn in ainm Chroim!


Mar sin, cén chaoi an Ghaeilge a chur chun cinn sa mbarda luí seoil? Bhuel, athrú is mó suntas roimh an mbás i saol an duine atá sa mbreith (go raibh maith ag What to Expect as ucht na seoide adaí), cheal nach mbeadh costas iomarcach ar oiliúint a chur roimh neacha léinn cnáimhseachais sna hollscoileanna agus sna hospidéil máithreachais maidir le foclóir an tuismidh agus a cheartúsáid sa tír seo? Tá's agat gurbh amhlaidh a bhíodh an scéal ar feadh achar fada go leor....

Sunday, April 24, 2011

Cionn tSáile


Lá aoibhinn caite inniu i gCionn tSáile na gréine. Lá deas bog a bhí ann. Níor chuireamar chun bóthair go luath agus bhí mé ag ceapadh go mbeadh níos mó tráchta ar na bóithre ach ní mar sin a bhí, buíochas mór le Dia.

Sunday, December 6, 2009

Foréigean Fánach

Tá mé ag iarraidh an leabhar cáiliúil sin Caisleáin Óir a léamh faoi láthair. Ag iarraidh, a deirim, mar ní le canúint Thír Chonaill a tógadh mé más le canúint Ghaeilge ar bith. Tá seanchóip agam a bhíodh ag mo dheartháireacha agus iad á staidéar le haghaidh na hArdteiste blianta ó shin, rud nach ndearna mé fhéin os rud é gur athraigh mé ón scoil sin. I gcaitheamh na blianta, d'airigh mé uaim an folús sin sa réimse teanga a bhí agam. Bhí a fhios agam gur éan corr a bhí i gcanúint Ulaidh i gcodarsnacht leis na cinn eile ach is é éan corr an chora an t-éan is mó spéise i mo thuairimse ina bhfuil an fiántas, an maorgacht, an t-uaigneas agus an daonnacht go fiú le haireachtáil ann.

Pé scéal é, tháinig mé ar shliocht gearr as an leabhar seo le Seosamh Ó Grianna ina bhfuil léargas i leith an dearcaidh a bhíodh ag daoine bochta na hÉireanna ón gcaoi a chaitheann siad lena gcuid leanaí. Bhí laoch an scéil, Séimí Phadraig Dhuibh in ainm a bheith ag buachailleacht ach ina theannta sin, chuaigh sé ar dáta lena chailín chara Babaí Mháirtín. Tháinig máthair Shéimí orthu agus seo a leanas an cur síos air, inar is mó sa chaint ná aon cheo eile atá an foréigean:

"D'amharc Séimí thart agus goidé a tí sé ach a mháthair ag tarraingt air agus buachalán buí ina láimh léi agus í i ndiaidh an bhó a thiomáint as an churaíocht.

'Dar an leabhar agus dar an léann de bhuta leis' ar sise, 'gheobhaidh tusa rud nach dearn tú margadh air, ach mise na brístí a fháil anocht díot. A reanglamáin bhradaigh a bhfuil goic an ainspioraid ort le diabhlaíocht, fágfaidh mise fearbacha i do gheadán anocht más bean beo mé. Thóg an dúdhiabhal féin leis thú. A rá is de, san aois a bhfuil tú ann, go bhfuil tú ar shiúl amuigh fríd an lán mhara go bhfuil an churaíocht ina heasair chosáin ag an bhoin'.

Le sin tharraing sí leabhb den bhuachalán aniar fríd na meallta ar an ghasúr. Chuir sé síos a lámh a chosnamh na coise agus fuair sé an dara buille sna hailt. Chuir sé uaill chaointe as féin."

Friday, November 27, 2009

Acmhainn.ie

Agus sibhse ag gaelú an tsaoil libh, nach iontach an acmhainn í acmhainn.ie? Chuir mé dhá cheist maidin inniu agus i bhfaiteadh na súl, bhí me ar an eolas!

An cheist:

An bhfuil míniú ag éinne ná teacht air, ar na cásanna ina ndéantar an forainm ("í" sa chás seo) a athrá in abairt copaile mar thuas agus cásanna nach ndéantar? Cén fáth, mar shampla, nach ndeirtear "is í ár dteanga féin" in ionad "is í ár dteanga féin í"? Is cuimhin liom blianta ó shin agus mé ag freastal ar Choláiste Chonnacht ar an Spidéal nuair a thuig mé an chéad lá riamh go mbíonn a leithéid de dhéanmhas abairte. De réir mar a chuaigh mé i dtaithí air, ghlac mé leis agus tuigim gan smaoineamh é anois ach le gairid bím ag plé le cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí múinteoireachta agus is léir nach dtuigim chomh maith sin é chomh luath is a dhéanaim iarracht é a mhíniú d'éinne eile!

Tá neart samplaí eile ann ar ndó: cuir i gcás an t-amhrán "Cailleach an Airgid": "Is í do mhaimeo í......srl ach "is í cailleach an airgid" gan "í" a rá ag deireadh na habairte. Tá fhios agam nach mbaineann sé leis an bhforainm baininscneach amháin: is amhlaidh an scéal le "é" agus "iad" ar ndó.

Na freagraí:

1.
Is í ár dteanga í = an fhofhaisnéis [focal nua dom] a tugtar ar an gcéad í. An t-ainmní [focal nua eile dom] atá sa dara í. Tá cuntas iomlán air seo i gCaibidil 16, Comhréir na Copaile de Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí. B'fhiú duit cóip den leabhar so a cheannach agus é a léamh. Tá cóip leictreonach ar fáil anso http://ec.europa.eu/translation/language_aids/freelance/documents/irish/christian_brothers_irish_grammar.pdf [íahú!]

2.
Ba chóir an forainm a chur isteach arís más ainmfhocal cinnte atá á ainmiú: mar shampla : is í an bhean dhubh í a d'fhág mo chroí cráite (Tá mo chleamhnas déanta). Is minic, áfach, a fhágtar an dara ceann ar lár sna hamhráin ar aon nós. De réir na rialacha, áfach, ba chóir go mbeadh an forainm ann arís.

An cheist:

Rith an leagan cainte seo liom ar maidin ach ní raibh leagan Gaeilge nádúrtha i mo cheann: is cineál ruda é a chloistear sa chain murab ionann is breactha síos, is dócha. Tá an leagan "ar an ábhar amháin" ar "merely because" má dhéantar cuardach ar www.achtanna.ie ach ní fheadar an leagan reachtúla amháin é seo.

Na freagraí:

Ní fhágann mise a bheith á dhéanamh gur gá duitse/go bhfuil aon cheangal ortsa déanamh amhlaidh [nach álainn é sin?]
Ná dein é ar an aon abhar/fhoras/údar amháin go bhfuil mise á dhéanamh [Gaolainn is dócha: path!]

Thursday, November 26, 2009

Fáilte roimh Ghael is roimh Ghall!

Cinnte dearfa, níl Foinse ná Gaelscéal chun mé a shárú! Tá blag nua ar an bhfód as seo go dtí n-éirím tuirseach de (eadhon 5 nóiméad is cosúil). Pé scéal é, seo daoibh focal an lae inniu (dos na Gaeilgeoirí in bhur measc beidh a leithéid ar eolas agaibh le fada an lá, ach ní ar an leibhéal céanna éirime muidne uilig, tá's a'at a mhac!):

curiarracht: nuair is tusa an duine is fearr ag déanamh ní inthomhaiste áirithe, deirtear go bhfuil an curiarracht bainte amach agat, mur humpla b'fhéidir go gcloisfeá agus láithreoir teilifíse ag trácht ar chluichí lúthchleasaíochta go bhfuil an curiarracht domhanda bainte amach ag reathaí a leithéidí Herb Elliot. Dála an scéil, agus mé i mo ghasúirín ag breathnú ar Sports Stadium, cheapainn gurbh ceirníní vinile a bhí i gceist acu agus shamhlaínn na lúthchleasaithe á mbriseadh i ndiaidh dóibh iad a ghrú.....íomhá aisteach a d'fhan liom thar na blianta.