Friday, November 27, 2009

Acmhainn.ie

Agus sibhse ag gaelú an tsaoil libh, nach iontach an acmhainn í acmhainn.ie? Chuir mé dhá cheist maidin inniu agus i bhfaiteadh na súl, bhí me ar an eolas!

An cheist:

An bhfuil míniú ag éinne ná teacht air, ar na cásanna ina ndéantar an forainm ("í" sa chás seo) a athrá in abairt copaile mar thuas agus cásanna nach ndéantar? Cén fáth, mar shampla, nach ndeirtear "is í ár dteanga féin" in ionad "is í ár dteanga féin í"? Is cuimhin liom blianta ó shin agus mé ag freastal ar Choláiste Chonnacht ar an Spidéal nuair a thuig mé an chéad lá riamh go mbíonn a leithéid de dhéanmhas abairte. De réir mar a chuaigh mé i dtaithí air, ghlac mé leis agus tuigim gan smaoineamh é anois ach le gairid bím ag plé le cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí múinteoireachta agus is léir nach dtuigim chomh maith sin é chomh luath is a dhéanaim iarracht é a mhíniú d'éinne eile!

Tá neart samplaí eile ann ar ndó: cuir i gcás an t-amhrán "Cailleach an Airgid": "Is í do mhaimeo í......srl ach "is í cailleach an airgid" gan "í" a rá ag deireadh na habairte. Tá fhios agam nach mbaineann sé leis an bhforainm baininscneach amháin: is amhlaidh an scéal le "é" agus "iad" ar ndó.

Na freagraí:

1.
Is í ár dteanga í = an fhofhaisnéis [focal nua dom] a tugtar ar an gcéad í. An t-ainmní [focal nua eile dom] atá sa dara í. Tá cuntas iomlán air seo i gCaibidil 16, Comhréir na Copaile de Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí. B'fhiú duit cóip den leabhar so a cheannach agus é a léamh. Tá cóip leictreonach ar fáil anso http://ec.europa.eu/translation/language_aids/freelance/documents/irish/christian_brothers_irish_grammar.pdf [íahú!]

2.
Ba chóir an forainm a chur isteach arís más ainmfhocal cinnte atá á ainmiú: mar shampla : is í an bhean dhubh í a d'fhág mo chroí cráite (Tá mo chleamhnas déanta). Is minic, áfach, a fhágtar an dara ceann ar lár sna hamhráin ar aon nós. De réir na rialacha, áfach, ba chóir go mbeadh an forainm ann arís.

An cheist:

Rith an leagan cainte seo liom ar maidin ach ní raibh leagan Gaeilge nádúrtha i mo cheann: is cineál ruda é a chloistear sa chain murab ionann is breactha síos, is dócha. Tá an leagan "ar an ábhar amháin" ar "merely because" má dhéantar cuardach ar www.achtanna.ie ach ní fheadar an leagan reachtúla amháin é seo.

Na freagraí:

Ní fhágann mise a bheith á dhéanamh gur gá duitse/go bhfuil aon cheangal ortsa déanamh amhlaidh [nach álainn é sin?]
Ná dein é ar an aon abhar/fhoras/údar amháin go bhfuil mise á dhéanamh [Gaolainn is dócha: path!]

2 comments:

  1. Tá an ceart ag muintir na Gaelinne. Ná déan dearuuuud ar sin!!!!

    ReplyDelete
  2. Is deacair don Bhéarlóir a thuiscint cén fáth a bhfuil an dara forainm ag teastáil,ceart go leor, ach má chuimhnítear ar an sampla seo tá an riail simplí go leor: más é do thoil é. Nár aisteach an chuma a bheadh ar 'más é do thoil'!?

    ReplyDelete