Cinnte dearfa, níl Foinse ná Gaelscéal chun mé a shárú! Tá blag nua ar an bhfód as seo go dtí n-éirím tuirseach de (eadhon 5 nóiméad is cosúil). Pé scéal é, seo daoibh focal an lae inniu (dos na Gaeilgeoirí in bhur measc beidh a leithéid ar eolas agaibh le fada an lá, ach ní ar an leibhéal céanna éirime muidne uilig, tá's a'at a mhac!):
curiarracht: nuair is tusa an duine is fearr ag déanamh ní inthomhaiste áirithe, deirtear go bhfuil an curiarracht bainte amach agat, mur humpla b'fhéidir go gcloisfeá agus láithreoir teilifíse ag trácht ar chluichí lúthchleasaíochta go bhfuil an curiarracht domhanda bainte amach ag reathaí a leithéidí Herb Elliot. Dála an scéil, agus mé i mo ghasúirín ag breathnú ar Sports Stadium, cheapainn gurbh ceirníní vinile a bhí i gceist acu agus shamhlaínn na lúthchleasaithe á mbriseadh i ndiaidh dóibh iad a ghrú.....íomhá aisteach a d'fhan liom thar na blianta.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Fáilte Mór go tír na mBlagga!!
ReplyDeleteNo idea what you're saying, but congratulations and Happy Birthday!
ReplyDeleteSharon Ní Bheoláin, caca milish, Happy Birthday!
ReplyDeleteTríona
Vat eesh deesh stange langage eu spík? Go raibh míle maith agaibh go léir!
ReplyDelete