Tuesday, May 17, 2011

Lena Bheith ag Súil agus tú ag Súil

Is beag eispéireas a sháraíonn bheith ann agus do leanbh féin ag teacht ar an saol, deirtear. Deirim sin mar fhear a bhfuil an mórionchas siúd le héirí dó lá ar bith feasta, ar pribhléid í nár ceadaíodh d'fhear uair den tsaol. Tá athrú iomlán tagtha ar chúrsaí le glúin go leith anuas, arae. An chéad leanbh seo againne a bheas ann agus níl a fhios againn cad leis a bheith ag súil. Ar cuairt ar an ospidéal máithreachais le gairid, an tsocracht ba mhó a chuaigh i gcion orainn agus é i bhfad Éirinn níos lú cliniciúil seachas mar a bhíomar a thuar, gan trácht ar an doicheall a chuirtear roimh an muintir chéile! Mar a shíleadh a bhíothas, áfach, ó thaobh na teanga de: ba dhána an aghaidh ar an té é a d'éileodh focal as teanga ar bith seachas Béarla. An mharana inti féin a dhéanamh mo bhean chéile a dhreasú le "Brúigh!" seachas "Push!", líontar mo chroí le náire aisteach. Cén Ghaeilge atá ar "midwife" ar chuma ar bith? Tá ar a laghad trí rogha san fhoclóir: cnáimhseach, bean ghlúine agus bean chabhrach. Róchóngarach do "cnáimhseálaí" (grumbler) ar scála na sanasaíochta atá an chéad rogha: ní fheicfear mé á bhúiríl síos dorchla an bharda in am an ghátair. Agus cén chaoi caint a chur ar midwife? An den dream íogair na míochaine iad, ar deismireacht dá shórt é an comhairleoir, a bhfuil cruatan na med scoile curtha de acu agus a chaitear "Mister" nó "Ms" a ghlao orthu? De réir dhathchód a dhealaítear na héidí, insítear dúinn agus a liachtaí acu siúd go mbeadh siabhrán ort! An dá rogha eile, "bean ghlúine", "bean chabhrach". Ní mó ná cabhrach a bhíodh na fir sa mbarda luí seoil, is cosúil, san am a caitheadh.


Mo thrua nár bheartaíomar an luspairt linbh a bhreith sa mbaile! (tharlódh sin ar ais nó ar éigean agus Her Majesty ag cur bac leis an N4 na laethanta seo romhainn). Caolseans go n-aimseoimis cnáimhseach Gaeilgeora ar ghearr-fhógra! De réir ospidéal máithreachais áirithe, cé nach ndéanfadh Google translate an chúis? Bhuel, bainimis triail as mar sin: to go into labour: dul isteach i saothar .... go bhfóire na Bandéithe orainn! Meascán aisteach de theanga to be sure to be sure: ní mé an tríthi siúd a thógtar an t-aisteoir is fearr stage Irish?


Mar Ghaeilgeoir neamhdhúchais, is trí Ghaeilge atáimse ag iarraidh na chéad fhocail ar chluasa an linbh a bheith, na chéad fhuaimeanna, fuaimeanna trí Ghaeilge; crios chabhlach atáimse ag iarraidh a bheith timpeall air agus ní "swaddled", suantraithe atáimse ag iarraidh a rá léi seachas "lullabies"; bainfear den chíoch í seachas "weaned"; trí mheán na Gaeilge mar cheart folaíochta atáimse ag iarraidh mórfhoclóir ársa siúd an tuismidh agus an mháithreachais a thaiscéaladh.


Ní ceann amháin ach beirt de What to Expect when You're Expecting atá againne sa mbaile. Ceann amháin curtha againn ó ghaolta i mBoston trí amazon.com (téarmaí difriúla atá in úsáid acu thall, tá a fhios agat: labor, diapers srl.). Sheas mé an fód ar feadh cúpla mí: nach leor é an t-eolas ar an idirlíon agus airgead go leor á chaitheamh le hé a choinneáil íoctha? Ach oiread le Dublin Bus, tháinig beirt le chéile: ceann amháin ó mo mháthair mhaith, an dara ceann ó bhean mo dhearthár céile. Agus ansin, céard a tharla? D'eile ach chuaigh an bheirt ar iarraidh ar feadh mí eile. An chéad rud eile, ní foláir dúinn What to Expect in the First Year a cheannach. Gan na leabhra siúd a bheith ar fáil d'aosaigh freisin....samhlaigh: What to Expect in Your Thirty Sevententh Year.


Gura fada uaim aon chaint eile faoi phram/ bhugaí/ chliabhán! Parasól in Éirinn in ainm Chroim!


Mar sin, cén chaoi an Ghaeilge a chur chun cinn sa mbarda luí seoil? Bhuel, athrú is mó suntas roimh an mbás i saol an duine atá sa mbreith (go raibh maith ag What to Expect as ucht na seoide adaí), cheal nach mbeadh costas iomarcach ar oiliúint a chur roimh neacha léinn cnáimhseachais sna hollscoileanna agus sna hospidéil máithreachais maidir le foclóir an tuismidh agus a cheartúsáid sa tír seo? Tá's agat gurbh amhlaidh a bhíodh an scéal ar feadh achar fada go leor....

No comments:

Post a Comment